Aoibhinn Ní Shuilleabháin, Nan Tom Teaimín -Máire Ni Ghríofa

Back


Buíochas do staidmheidhreog do na liricí seo. http://ie.youtube.com/profile?user=staidmheidhreog Seo leagan na beirte ban. (Aoibhinn Ní Shúilleabháin) 'S nach iomaí maidin Domhnaigh 'chaith mé súgach deas go leor 'Dhul soir le mo luichtín móna 's dhá chúrsa i mo sheol mór Níor ghéill mé riamh do mhúr ar bith dá dhúinte dá mbeadh ceo Nó go dtéinn ag caint le plúr na mban bhíodh romham sa mbaile mór. *Ó mo ghrása thú Máire Ní Ghríofa, is tú rí-bhan thar na mná Níor iarr mé riamh an cnaigín ort nach líonfá dhom an cárt Nuair a théinn isteach go n-íocfainn tú ní dhéanfá díom ach greann Is mo ghrá ní scarfad choíche leat 'dtí 'n geimhreadh th'éis do bháis. Dhá bhfeicfeá bád chlann Donncha ga' lá dhá dtéadh sí 'un seoil Ó phlúchfadh sí an fharraige, ní fhliuchfadh sí ceann seoil Bheadh tús ar chuile gheála aici nuair a thagadh an lá mór 'S nach ndíolfainn mo luichtín móna 's mé 'comhrá le mo stór. (Nan Tom Teaimín) 'S nach iomaí maidin Domhnaigh 's mé súgach maith go leor 'Dhul soir le mo luichtín móna 's dhá chúrsa ar a' seol mór Níor ghéill mé riamh do mhúr ar bith dá dhúinte dhá mbeadh ceo Nó go dtéinn ag caint le plúr na mban thríd ___ an Aird Mhóir. Ach nuair a imeos mé as an áit seo is nuair a dhíbreofar mé as an mbád Caithfidh mé oíche i Maínis 's dhá oíche sa Trá Bháin Siúlfaidh mé thart sa liberty 's anonn faoi chontae an Chláir 'S mara bpósfaidh Máire Ní Ghríofa mé, ní fhillfidh mé go brách. Goilleann sé ar staidmheidhreog nach bhfuil sí in ann an t-aon fhocal amháin sin a thuiscint! Is cosúil go bhfuil an t-amhrán seo curtha ag Nan ar a dlúthcheirnín nua, "The Home I Left Behind." Má tá sin ag duine ar bith, seans go gcuirfeadh sé comhairle orainn... ? Aoibhinn Ni Shuilleabháin, Nan Tom Teaimín - Maire Ni Ghriofa (Abair Amhrán - 24-4-07 www.tg4.ie subs en)

Category: Music
Uploaded: November 11th, 2007 @ 12:29 pm
Author: TG4gaeilge

Length: 03:03
Rating: Whole StarWhole StarWhole StarWhole StarWhole Star
Views: 3,905

Tags: amhrain amhran celtic ceol folk gaeilge gaelic irish music nos sean tg4 world www.tg4.ie

Related Video Links:


» View Video Comments For Aoibhinn Ní Shuilleabháin, Nan Tom Teaimín -Máire Ni Ghríofa
» View TG4gaeilge's Other Uploaded Videos

Video Thumbnails:


Thumbnail #1 Video Thumbnail #1:

Thumbnail #2 Video Thumbnail #2:

Thumbnail #3 Video Thumbnail #3:



Video Embedding Code:


Video Url:


Embed Code:

* Embed this video on your website, social bookmark, myspace, or blog.